Scoil: Crois Bhóthar
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Crois Bhóthar
- XML Leathanach 0255
- XML “Bia na Seanaimsire”
- XML “Bia na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)timcheall air. Ag daoine eile do bhíodh "folding table" i lár an urlár fhaid is do bhíodh siad ag ithe, acht cuirtí ag cúl an dorais nuair a bhíodh siad réidh leis.
Do bhíodh cácaí aca ar a dtugtaoi na h-ainmneacha - Caisgín, Arán coirce, Boxty, agus Johnny cake.
Mo mháthair a d'innis an méid seo dom agus chuala sí fútha ó a h-athair - Micheál Ó Lorcáin, Béal na mBó, Co. Roscomáin. - Trí béilí do bhíodh sa ló ag na sean-daoine fadó - leitín ar maidin, brúitín ar feadh an lae, agus brúthán san trathnóna.
Bhíodh fataí ag gach béile beagnach timcheall 's 50 bliadhanta ó shoin.
Nuair a tháinig an tae amach ar dtús, ní raibh acht únsa ag an athair is an máthair dóibh féin agus chuireadh siad i bhfolach
faoi an Rafter ar bhárr an tighe é, agus ní bhíodh ag na páisdibh acht leitín.
M'athair Seán Ó Ciaragáin, a d'innis é seo dom.- Bailitheoir
- Tadhg Ó Ciaragáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Chraobhanta, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ciaragáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Chraobhanta, Co. na Gaillimhe