Scoil: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove) (uimhir rolla 12138)

Suíomh:
Ceathrú na Lathaí, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó hAnnracháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0040, Leathanach 0448

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0040, Leathanach 0448

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove)
  2. XML Leathanach 0448
  3. XML “Ainmneacha Áiteanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Páirc Clais a dhaill Tugadh an t-ainm sin air mar tá clais ag ceann na páirce ina mbíodh dall ina chomhnuidhe ann i dteach beag. Tá sé suidhte i gCeathramha an tSean Lios, Ceathramha na Lathaighe, Tuaim, Co. na Gaillimhe.
    Gort Geárr Tugadh an tainm sin air mar tá gort gearr ag ceann amháin de. Tá sé suidhte taobh amuigh de mo theach i gCeathramha an tSean Lios, Ceathramha na Lathaighe, Tuaim, Co. na Gaillimhe.
    Gort Cnapach Tá sé suidhte i gCeathramha an tSean Lios freisin. Tugadh an t-ainm sin air mar bhíodh tortáin nó clocha beaga ann fadó. Tá sé suidhte taobh amuigh de mo theach i gCeathramha an tSean Lios, Ceathramha
    na Lathaighe, Tuaim, Co. na Gaillimhe.
    An Móinín Tugadh an t-ainm sin air mar baineadh móin ann tuairim is seachtmhó bliadhain ó shoin. Saothruigheadh an talamh ina dhiaidh sin agus talamh maith
    atá ann anois. Tugimíd an t-ainm sin air fós. Tá sé suidhte i gCeathramha an tSean Lios, Ceathramha na Lathaighe, Tuaim, Co. na Gaillimhe.
    Gort Buidhe Tá sé suidhte i gCeathramha an tSean Lios, Ceathramha na Lathaighe, Tuaim. Tugadh an tainm sin air mar bhíodh alán bláthanna buidhe ag fás ann.
    Cnucán Sheamuis Uí Mára. Tugadh an tainm sin ar an gcnoc seo mar bhí fear darb ainm Séamus Ó Múra
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Ceathrú an tSeanleasa, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Martin Moloney
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceathrú an tSeanleasa, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Patrick Moloney
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Ceathrú an tSeanleasa, Co. na Gaillimhe