Scoil: An Cheapach (uimhir rolla 14508)
- Suíomh:
- An Cheapach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seosamh G. Ó Cléirigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cheapach
- XML Leathanach 0098
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cúpla lá indhiaidh sin pósann siad agus bíonn bainis acu an oidhche sin i dtigh an fhir. Nuair a bhíonn siad ag teacht abhaile ón pósadh bíonn cnámh teinnte ar thaobh na bóithre agus ag na cros bóthre annseo agus annsuid ar a mbealach.
Tugann an cailín a comhursan agus a muinntear féin chuig an bainis agus tugann an fear a lán daoine chómh maith. Bíonn oidhche mór i dtigh an fhir agus bionn na daoine ag ithe agus ag ól. Bíonn na daoine óga ag damsadh. Téigheann na daoine abaile an mhaidin indhiaidh sin. Tá nós ag na daoine ins an ceanntar seo arán coirce a bhreiseadh ar scib ar a mbíonn tubháille lín éadhaigh os coinn nua phósta agus iad ar a glúnaibh ar an táirsigh sa gcaoai go mbéidh a sáith le nithe acu go deo agus a sáith lín-éadaigh.
Fadó ní bhíodh aon gluaisteán nó cárr ag na daoine agus do shiubhalad siad chuig an t-séipéal. Do thagad buachaillí tuighe chuig an teach oidhche an bhainis. Do bhíodh sean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Fhinnearáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Na Bogáin, Co. na Gaillimhe