Scoil: Dubhras (uimhir rolla 6319)
- Suíomh:
- Dúros, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Mearacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhras
- XML Leathanach 0038
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí galar uathbhásach ag dul timcheall nuair a bhí an gorta ann fadó . . .”
Bhí galar uathbhásach ag dul timcheall nuair a bhí an gorta ann fadó.
Nuair a thosóch duine ag sraoidhfuirt bheadh fhios ag gach duine go mbeadh an galar ag teacht air agus dhéarfadh siad "Dia linn"
Choinnigh na daoine ag rádh "Dia linn" as sin amach nuair a bheadh duine ag sraoidhfuirt.
Bhíodh sé ráidhte fadó nuair a leigfeadh leanbh sraoidh mara ndeárfadh a mháthair "Dia linn is Muire a leanbh" go dtiocfadh na sídheóga agus go dtiúbharfadh siad leis é.
Bhí fear ann fadó agus bhí a bhean caillte agus bhí leanbh aige phós sé arís agus bhí an chion ag an leas-mháthair ar an bpáiste.
Oidhche amháin leig an leanbh sraoidh agus dubhairt an leas-mháthair "Dia leat a leanbh agus dá mbeadh do mháithirín féin beo dhéarfadh sí Dia linn agus Muir[e".]- Bailitheoir
- Nóra Ní Chuinn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dúros, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Chuinn
- Inscne
- Baineann