Scoil: Dubhras (uimhir rolla 6319)
- Suíomh:
- Dúros, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Mearacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhras
- XML Leathanach 0007
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Is fearr stuaim ná neart.
2. Ná comhair na sicíní go dteaga siad amach.
3. Ní théigheann cuileóg sa mbéal a bhíonns dúnta.
4. Níor dhún dia béarna ariamh nár oscail sé ceann eile.
5. An rud a sgraíbhann an púca léigheann sé féin é.
7. Ní thagann ciall roimh aois.
8. Is fearr aon i do lámh ná dhá ceann ar tor.
9. Níheadh lá na gaoithe lá na scolb.
10. Tráthnóna fóghmhar nó cloc i bpoll mhóna.
11. D'imthigh an t-ór agus d'fhan an óinseach.
12. Is fearr cóir ná dul gan dlighe.
13. Bíonn an fhírinne searbh.
14. Dubhairt bean liom go ndubhairt bean leí.
15. Is caora mhór an t-uan ibhfad.
16. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
17. Níl sógh gan an-sógh.
18. Is iomdha lá sa gcill orainn.
19. Ná cuir do corán i ngarraidh gan iarraidh.
20. Is milis fíon, is searbh é íoc.
21. Ná bí cruaidh, is ná bí bog.
22. Is fearr cinn ná ceann.
23. Saoghal maith ceatharnaigh trí cneadha lorgain.
24. Is fearr marcuidheacht ar gadhar ná coisidheacht ar abhas.
25. Ná caith amach an t-uisge salach go mbeidh an t-uisge glan.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghloinn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dúros, Co. na Gaillimhe