Scoil: Dubhras (uimhir rolla 6319)
- Suíomh:
- Dúros, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Mearacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhras
- XML Leathanach 0071
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Níl mórán ainmhithe allta timpeall na háite seo . . .”
Níl mórán ainmidhe allta timpeall na h-áite seo. Níl ann ach an sionnach, coinín, girrfidhe, broc agus an easóg. Déanann an coinín an phluais thíos faoin talain. Bíonn féar aige sa pluais agus cúnlach.
Connaicéar a tugtar ar an pluais a bhíonn ag an coinín. Tá ainmhidhe eile ann ar a dtugtar an sionnach. Goideann sé cearca, lachain agus géanna. Tá leigheas i teanga an sionnach. Deirtear go dtógfadh sé imach dealg. Tá sean fhocal ann i dtaobh an sionnach "Chomh glic le sionnach".
Tá ainmhidhe ann ar a dtugtar an girrfidhe agus téiggheann seisean in a codhladh agus a súilí ar oscailt aige. Tá an easóg ann agus itheann sise cearca agus éanlaith eile freisean. Áit ar bith in a mbíonn easóg ní bhíonn aon lucha ann mar marbhuigheann sí iad. Deirtear gurb í an easóg an cat a bhí ag na (?) fadó. Tá an broc ann agus tá sean fhocal in a dtaobh "Chomh liath le broc". Mar tá dath liath ar an broc.- Bailitheoir
- Máire Ní Ghloinn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Traught, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Gloinn
- Inscne
- Fireann