School: Northampton (roll number 6396)
- Location:
- Northampton, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Domhnalláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Northampton
- XML Page 0097
- XML “Saol na nDaoine sa Cheantar seo Dhá Scór Bliain ó shin”
- XML “Iascaireacht Scadán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dath go ceart. Thoígfeadh sí as an aillium é agus chuirfeadh sí síos arís dá bhruith é.
An babhta seo beadh mádár (log-wood) sa bpota. Thar éis lá dá bhruith bheadh sé daithte.
Caithfidhe nigheachaín thar meóin a thabhairt dó annsin.
Le Plúirín (indigo) a dhathuightí cuid de'n fhlainín. Réal an únsa a bhí ar an bplúirín. - Dheánfadh muid an domhan iasgaireachta ar scadáin. Thiar ar an m'Bank', trí mhíle siar ó Phoinnte an Chnuicín, taobh amuigh de Oileán Ide, a dheánfadh muid í. Trathnóna thiar a ghabhfadh muid amach ; ní bheadh aon ghnó líon a chur amach go mbeadh sé 'na oidhche dhubh. Bád iomraimh is mó a bhíodh againn agus cúigear nó seisear againn in éindigh.
Bhíodh báid trí crann ag muinntir Dhubhruis thíos ag iasgach. Is muid ag dul amach thuibhrfadh muid cúpla fód móna agus glac beag fataí linn, le bruith i bpoitín agus a ithe amuigh. Clochaí a bhíodh thíos in íochtar an líon, iad fad dhá fheadh ó chéile; na corcaí(continues on next page)- Collector
- T. Ó Domhnallaín
- Gender
- Male
- Informant
- Pádhraic Ó Nualláin
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Kinvarradoorus, Co. Galway