Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)
- Suíomh:
- Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí sgata Naomh ag siubhal Éire. Nuair a thainic siad ag Tobair Mhic Tuath leagadar a ndínnéir anuas. Bhí Naomh Colm Cille i gCondae an Chláir agus é thar-éis comhartha na croise a chur air féin le uisce beannuighthe. Chonnaic sé na Naomh i nDún Guaire.
"Nach aoibhin dóibh" ar seisean " an dinnéir áluinn acha agus gan pioc le n-ithe againn."
Chomh luath is a bhí sé ráidhte aige d'éirigh an dinnéir a bhí leagtha ag na naomh i nDún Guaire agus chuaidh sé tré an aer gur leagadh ós comhair Naomh Colm Cille.
Tá tobair i gCreachmhaoil agus é an t-ainmh atá ar na Tobair Rosáin. Tá sé rádhte má bhíonn aon duine ag fághail bháis agus go mba mhaith leat fhios a bheith agat an ngeobhfadh sé bás nó an n-eireóchaidh sé as má chuireann tú cros isteach ins an tobair, cros nach ndeaca síos. Má theighann an chros go dtí an taobh ó dheas de'n tobair gheobhfaidh sé bás agus má theigheann sé go dtí aon taobh eile de'n tobair éireócaidh sé arís.- Bailitheoir
- Ristéard Ó Cobhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Bean Riocáird de Búrca
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann