Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)
- Suíomh:
- Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)madra agus chuir an mada istigh de'n claidhe é agus lean sé é tríd na páirceanna é. Nuair a d'eirigh an buachaill ar maidin bhí an mada millte gearrtha. Chuaidh an mac síor 'san seomra agus bhí sé ghá bhuaileadh gur dhéan se púchan dé adhnámha an sean-fhear.
Bhí taidhbhse eile in aice na scoile.
bhí bean i gCinn Mhara agus shíl sí go raibh rud eicint ar a mac agus thug sí suas go 'Biddy Early' é, bean a bhí in a 'witch' agus d'fhéadfadh sí chuile dhuine a leigheas. Nuair a ghlaoidh sí air sé dubhairt a mac ná 'droi rath ar an sean 'witch' sin níl aon leigheas aice-sin". Nuair a bhí siadag dul ann chuir sí 'parcel' mór 'san gcárr leithe. Nuair a 'landáil' siad thuas ag 'Biddy' dubhairt 'Biddy'. "Cé'n gnó a bhí agat é a thiubhrfadh annso. Nár dhubhairt sé nach raibh aon leigheas agam. Níl aon phioc air. Nuair a bheidh tú míle go leith ó do bhaile tabhair aire maith dhuit féin.Ní leagfar thú air tubhair aire dhuit féin". Nuair a tháinig siad ag an sgoil lean fear taidhbhse iad air ní fhéadfadh sé teacht suas leobhtha agus chuaidh siad abhaile slán.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Ristéard Ó Cobhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chathair Mhór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bean de Búrca
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 84