Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)
- Suíomh:
- Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dtalamh, rug an buachaill ar mhailléid agus thug sé buille dó go dhéin sé ghá leith dá chloigeann. Nuair a chonnaic na fir a bhí ag obair in éindigh leis é sin rith siad go mbearfaidh siad ar an buachaill a dhéin é. "Na corruigh" arsan mbuachaill "tá mé sásta bás a fhághail anois nuair atá an oiread sin sásamh agam ar an scéiméirí". D'innis sé an sgéal dóibh ar fad annsin. Séard a dhéin na fir annsin ná airgead a thabhairt dó agus dubhairt siad leis bailiú leis chom fada isteach 'san tír is a féidir leis. Bhí teach lóstín ag a bhean is bhí na fir ar fad ag fanacht ann agus d'imthigh siad ar fad uaithe agus b'éigin di imteacht as an áit. Scríobh an buachaill abhaile i cúpla mí in a dhiaidh sin agus dubhairt sé go ngeobhfadh sé bás socair anois go raibh sé sin déanta aige agus gur fhiuch an fhuil in a croidhe nuair a chonnaic se an spiadóir.(2) Bhí na Fíníní ag baint na rubail de na ba a bhí ag Máirtín de Tudloidhre thaobh thuas de Lábán mar bhí sé go h-olc ar na tenents. D'innis siad é sin do shean fhear a bhíodh ag dul in éindigh leobhtha a bhí tinn. Ar maidin thánig na 'pílers' ag fuinneóg an sean-fhear nuair a chonnaic siad na ba gan aon rubail. "An bhfuil tú istigh a Sheáin" arsa na 'pílers'. "Táim" arsan sean-fhear "ní'l rubal orra". Rug na 'pílers' air annsin agus crocadh é. Nuair a bhí sé ghá crochadh thíos i nGallimh bhris an rópa. "Tá mo shaoghal agam" arsan sean-fhear. "Ní'l" arsan sean-Máirtín "má bhfuil slabhra i nGallimh a chrocha thú. Agus crochadh é.
- Faisnéiseoir
- Riocáird de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- An Chathair Mhór, Co. na Gaillimhe