Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)
- Suíomh:
- Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhíodh a lán 'starch' ag na mná as an mbocstaí a bhíodh fágtha.
- Galra agus Leigheasanna(1) An Triuch :- Gráinneóg a bhruith agus an anbhruith a ól.
(2) Fáithní (Warts) :- Iomdha sin leigheas a bhí ann dóibh sin. (a) Bhí, is tá fós, buláin uisce ar chairrig i gCeathar a' Mhóinín, agus bhíodh daoine ag dul ann leis ná fáithní a nigheadh ann. Tá sé ráidhte go raibh leigheas ann.
(b) Fáigh naoi n-eascon (eel) agus bain an ceann de chuile ceann aca. Cuimil na cinn de na fáithní agus beidh siad leigheasta.
(c) Fáigh naoi ndéis arbhair (9 ears of corn) agus cuimil an snaidhm, nó 'knot', i ngach dias de na fáithní agus beidh leat.
(3) Galar na gcnámh :- Bhí an-cháil ar mheacan a' Coimpire (?) leis na cnámha a leigheas.
(4) Kidney disease :- Meacan na gCaorach a bhruith agus cáirt de choirce na bliana roimhe sin a chur tríd. An t-anbhruith a ól mar leigheas.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Nualláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe