Scoil: Cill Éinne (Killina) (uimhir rolla 12818)
- Suíomh:
- Cill Eithne Thoir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire C. Ní Ghríobhtha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)róistín. Tugadh ‘‘boxty’’ ar an sórt cáca seo.
- Bhí sgata cailíní ag dul thar leasa lá i gCathar Con. Chualadar mar bhéadh duine ag déanamh cuiginne istigh san lios. D’iarr ceann des na cailínibh deoch oí’n bláthach agus ar an bpoinnte cad do fágadh os a comhair acht mug bláthaighe. Do scannruigh sí agus níor ól sí an bháinne. Annsin tugadh buille beag ar an leiceann dí. Dubhradh go bhfuair sí bas tamall ghearr in-a dhiaidh sin. Na céadta bliadhain ó shoin iseadh thuit an rud seo amach. Deireann daoine na háite seo nach cheart d’aoinne uirlísí stáin nó iarainn a thabhairt amach as an teach agus cuigeann dá dhéanamh. Tráthnóna fóghmhair nó cloch i bpoll móna
An rud a théigheanns fada teigheann sé saor
Muna mbeidh plean agat ní bheidh bean agat