Scoil: Cill Éinne (Killina) (uimhir rolla 12818)
- Suíomh:
- Cill Eithne Thoir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire C. Ní Ghríobhtha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Éinne (Killina)
- XML Leathanach 0185
- XML “Scéal Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgeal eileCéad bliadain o shoin bhí fear ana-bhocht in a cómhnuidhe in ár mbaile mbeag. Bhí clann mór aige agus gach lá théigheadh sé dón choill chun admad a ghearradh agus a dhíol chun biadh d'fhághail dóibh.
Lá amháin d'éirigh sé go moch agus thug sí canna in raibh a dhéinnéir leis agus as go bráth leis dó'n choill thosuigh sé ag obair ar a dhiachaill agus d'fhán sé ag gearradh go raibh sé go h-an deirnach san oidhche.
Tháinig se abhaile annsin agus tug sé an canna leis. Nuair bí sé ag léimnigh thar balla céardh a chonnaic sé faoí an mballa ach cailín dheas agus éadaigh ban uirthi. Bheannuigh an fear dhí agus d'iarr sí air céardh a chóimeádh amach é go dtí an t-ám sin san oidche. D'innis an fear a sgeal dí agus d'iarr sí air ar'b mhaith leis canna lionta d'ór. Dubhairt an fear go mbéadh sé go h-an shásta dá bhfuigeadh sé é. "Feach isteach sa channa" ar sise agus d'feach sé agus bhí sé lionnta d'e phiosí óir.
Bhí an fear go h- an shásta ar dtús acht sa deire dubhairt sé leis féin go lionfadh an sídeógh canna mór cómh maith leis an canna beag agus d'fág sé an canna beag annsin agus rith se abhaile le hagaidh an channa mhóire.
Nuair tháinig sé dón áit in a d'fhág sé an sideóg agus an canna arís, bhí an canna ann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairead Ní Dhéaghadh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Cill Eithne Thoir, Co. na Gaillimhe