Scoil: Cill Éinne (Killina) (uimhir rolla 12818)
- Suíomh:
- Cill Eithne Thoir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire C. Ní Ghríobhtha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Barra Fata
Déantar fataí a fhás ar ár bhfeilm gach bliadhain bíonn leath-acra faoi fataí againn, ach uaireanta bíonn ceathramhadh níos mó nó níos ceathramhadh níos lugha againn fútha.
Déanann m’úncal an talamh a dhíanamh rúdh in a gcóir. Ní chuirtear aon leasú ar an gcré sul a n-iompuightear suas é. Cuirtear na fataí i ndriollaí. Is le chéacht adhmaid a déantar iad ó cheann ceann an ghairdín. Bíonn iomar créafóige annsin ar gach taobh, agus líne in-a lár mar a gcuirtear na prátaí gearrtha, nó na sgiolláin mar a dtugtar ortha.
Úsáidtear láidhe leis na guirt beaga a dhéanamh réidh i gcóir ar bharra. Ceannuightear na láidhe seo i siopa. Ní déantar san gceanntar iad, ach uaireannta déanann an feilmeóir an faic agus an bróigín, agus géibheann sé an cuid eile sa siopa. Thosuightear ar na fataí a cur, i lár an Earraigh. Géibheann in-a sgiolláin iad le sgin ghéir. Ní mór súil a bheith ins gach sgiolláin aca ionnus go sgéithfeadh gas asta nuair a gcuirtear sa gcré iad. Fágtar i gcúinne iad go ceann roinnt lá agus annsin cuirtear iad. Is gnáthach leis an bhfeilmeóir meitheal a bhailiú leis na fataí a cur.
Cuireann na inná práisgíní ortha féin, agus líonann siad le sgiolláin iad. Fágann siad sgiolláin umchiall duch n-órlaí ó na chéile ionnus go mbíonn an spás a ndóiain aca cun sgéicheach amach, agus a fhás suas. Tagann na fir annsin le sluasaid, agus clúdaigheann siad na sgiolláin le chréafóig.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Rálf
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cathair Chonnaidh, Co. na Gaillimhe