Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
- Suíomh:
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní raibh aon dochtúirí sa gceanntar fadó agus nauir tháinig galar ar duine bhí air leigheas d'fhághail dó féin. Is le luibheanna áirighthe a dheineadar galar a leighsiú sa t-sean-aimsir. Is amhlaidh a dheineadar luibheanna a mheasgadh le na chéile.
Núair tháinig tinneas fíachail ar dhuine sé rud a rinne sé ná frog a mharbhú agus a chos a chur isteach in a bhéal. D'fhág sé an frog in a bhéal ar feadh leath-uaire agus núair thóg sé an cos amach bhí an tinneas fíachail imthighthe.
Nuair a bhí craos-galar ar duine, sé rud a rinne sé ná a stoca a cheangal thar timcheall a mhuinéil ag dul a chodhladh dhó. Núair a dhúisigh sé ar maidin bhí air é féin a nigheadh le h-uisge beirbhighthe agus tar éis sin bhí an galar imthighthe.
Núair bhí triuch ag duine sé rud a rinne sé ná bíadh a bhí fágtha tar éis firéid d'fhághail agus é d'ithe. Bhí an triuch imthighthe l'ar na bhárach. Cúpla míle(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Uí Laoghaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe