School: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
- Location:
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal Ghreannmhar
Aon uair amháin bhí fear in a chomhnuidhe i gCo na Gaillimhe. Gobán Saor do bhí mar ainm air. Bhí sé lá ag teacht abhaile tar eis bheith ag toruigheacht oibre. Bhí sé tuirseach, thuit sé in a chodlad agus é ag teacht abhaile. Tháinig na sidhéoga agus do ghoid siad a mhála uaidh. D'fhághadar an mála ar ais arís nuair a dhúisigh sé chuaidh sé abhaile. D'fán sé sa bhaile ar feadh trí nó ceathar de laetheanntaibh agus d'imthigh sé arís go dtí áit in a raibh teach le déanamh. D'iarr sé ar an mháighistear obair a thabhairt dhó. Bhí an mháighistear agus na fir oibre ag dul chun a mbreicfeasta nuair a táinig Gobán. D'fiafruigh sé ar an bhfear céard a bhéadh sé ag déanamh go dtiocfaidís ar ais. Bí ag déanamh cait is dá earball air arsa an máighistear agus é ag mághadh fé. Nuair a tháinig an máighistear ar ais bhí cat cloiche déanta aige agus dá earball déanta air.
Uair amháin bhí caisleán mór dá déanamh ag duine mór eigin. Do cuireadh fios ar Ghobán agus ar a mhac. D'fhág siad an baile lár na bhárach. Bhíodar ag siubhal an bhóthair ag dul go dtí an áit a raibheadar chun an chaisleáin a dhéanamh. Is gearr do bhíodar ag imteacht(continues on next page)- Collector
- Úna Ní Moráin
- Gender
- Female
- Address
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Pádhraig Ó Laoghaire
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe