Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
- Suíomh:
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó bhí alán fear gaisgideach i n-Éirinn agus tagann Gaillimh fé le na fir gaisgidighe. Bhí fear in a comhnuidhe i n-áit darbh ainm Cíllína timcheall trí mhíle ó Cinn Mhara. Fear láidir a bhí ann agus bhíodh sé i gcomhnuidhe ag troid. Uair amháin bhí teach cleasuigheachta i n-áit i gCo an Chláir agus chuaidh an fear seo darbh ainm Pádraic goint go dtí é agus bhí fear ann a bhí ag troid agus tuibhrfaidís cúig púnt do'n duine a bfuighfeadh an troid. Thosuigheadar ag troid agus fuair Pádraigh an bhuaidh agus fuair sé cúig púnt.Bhí fear eile in a chomhnuidhe i n-áit darbh ainm Tírin Aoibhinn agus bhiodh sé i gcomhnuidhe ag rith ráiseanna. Donnchad Chinnéidigh a bhí mar ainm air agus bhí an bhuaidh aige le rás a fuair sé i gCinn Mhara. Dubairt na daoine gurbh é an fear is tapamhla chun ráis a rith i gCo na Gaillimhe. Trí mhíle an fhaid agus rith sé é 120 nóiméad agus léim sé léim a bhí sé troigh ar áirde. Bhí fear darbh ainm Pádraigh Ó n-Allmhuráin in a gcomhnuidhe i gCartrún agus bhí snámh ana mhaith aige. Do(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Úna Ní Mhoráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Parthaláin Ó Mhoráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe