School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0034
- XML “An Mac is an tAthair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhfeicfeadh an t-athair agus a mhac iad. Chuadar ag déanamh an chleas agus nuair a bhí sé déanta aca dubhairt an t-athair nach bhfaca sé aon chleas a bhí i ndon an cleas sin a bhualadh agus thaithnigh sé chomh mór sin leis an athair go ndubhairt sé go mba dheas an cheard a bhí aca. Dubhairt an ceannphort go bhféadfadh sé féin an cheard sin a mhúineadh dá mhac dhá dtógróchad sé é. "Acht má leigeann tú linn é" adeir an ceannphort "go ceann lá agus bliadhain beidh sé chomh maith linn féin leis an gcéird. "Ní miste liom" adeir an t-athair "acht caithfidh sibh é a thabhairt slán sábhailte chugam-sa aríst nuair a bhéas an lá agus bliadhain istigh". Mo lámh agus mo fhocal dhuit go dtiubhraidh" adeir an cheannphort.
Thugadar leo an mac agus nuair a bhí an lá agus bliadhain istigh thugadar an mac leo abhaile aríst. Chuadar ag déana[mh] an chleas aríst agus nuair a bhíodar réid dubhairt an t-athair. "Feicim nach bhfuil mórán maitheasa leis an gceird ag mo mhac fós". "Níl sé go maith fós" adeir an ceannphort "acht má leigeann tú lá agus bliadhain eile linne é beidh sé níos fearr ná muid féin". "Ní misde liom" adeir an t-athair "acht caithfidh sib é thabhairt(continues on next page)- Informant
- Peadar Ó Briain
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cladhnach, Co. na Gaillimhe