School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0117
- XML “Taise Pháidín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Páidín na daoine ag rith mar seo, "Is dóigh" adeir sé leis féin "go mbeadh mise mall go maith ag an Aifreann agus an deifir seo bheith ortha seo". Baineann sé féin as ag rith. Nuair a chonnaich na daoine ag rith é ceap siad anois go cinnte gurbh é a thaise a bhí ann agus bhí a gcroidhe ina bhéal ag chuile dhuine aca.
Nuair a chonnaic siad ag teacht isteach an doras é, ritheadar síos go dtí an altóir in áit a raibh an sagart. "Céard atá mar sin orraibh" arsa an sagart. "Ó" arsa gach duine aca. "Tá an fear a chuir muid cúpla lá ó shoin ag rith in ár ndiaidh". "Cé hé" sin arsa an sagart. "Tá Sean Pháidín" arsa siadsan. Chonnaic sé Páidín agus chuir sé cainnt air. D'innis Páidín dó gach ar thárla. "Sílim" arsa an sagart leis an daoine "gur sibhse a bhfuil an mearbhall orraibh agus nach é Páidín bocht". Dimthigh an sgáth agus an faitchíos dóibh annsin agus bhíodar mór go maith lé sean-Páidín uaidh sin i leith.- Informant
- Brighid Bean Uí Conghaola
- Gender
- Female
- Age
- 56
- Occupation
- Bean táilliúra
- Address
- Doire an Fhéich, Co. na Gaillimhe