Scoil: Cashel (uimhir rolla 11358)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: P. Ó Lochlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cashel
- XML Leathanach 167
- XML “Seaniarsmaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl mórán sean íarsmaí thart annseo anois.
Ó thuaidh de Sruth-Sháile tá áit a dtugann siad Maigh-an-Fhathaigh air. Bhíodh na sean-daoine ag rádh go raibh fathach curtha. Tá teach beag déanta i ngar dhó. Tuairm is deich bliain ó shoin chuaidh fir as an mbaile ag féachaint raibh an fathach ann. Nuair a bhíodar trí troigh síos ann, ní raibh siad i ndon dul ní b'fuide. I n-aice na h-áite sin tá áit eile a dtugtar an Muing air. Tá leac ann agus tá lorg chos duine agus cosaí ainmhidhe ann.
Tá áit sa gcnoc a dtugtar Beatha Guaire air. Tá tobar beannuighthe ann agus taobh amuigh dhe tá leac a bhfuil lorg cos dhuine agus bhó air. Sin é an méid a bhfuil de sean-íarsmaí i mo bhaile-sa.- Bailitheoir
- Cáitlín Seóige
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Padhraig Seóige
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe