Scoil: Cashel (uimhir rolla 11358)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: P. Ó Lochlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cashel
- XML Leathanach 178
- XML “Doineann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní raibh aon stoirm ann ariamh chómh dóna le oidhche na gaoithe móire (i 1839) níor fhágadh díon ar teach a' bith an oidhche sin, rinneadh piosaí de h-eannachaibh i n-aghaidh na cloiche, níor fhág sé cránn ag fás, agus briseadh na báid ar na cárraigreacha. Níl sé cinnte ce'n data ar thainic se acht sa mbliadhán 1839. Níor thug sé aon comhartha go raibh sé ag teacht. Bhí an trathnóna go h-an bhreagh.
Bhí stoirm toirnighe ann sa mbliadhán 1930. Leag sé go leor crainn mhór. Bhí taoille an árd an oidhche sin freisin thug sé na báid suas ar an talamh agus chuaidheadar thríd na puill fataí agus aon áit a bhrís siad poll chuaidh na fataí leis an taoille. Bhí fear n mBéal-an -Atha-Fáda thár-éis teach núa a dhéanamh agus báineadh an díon de bheadh fear a'tighe marbhú márach gur chonnuigh se greim ar fhár-doras an seomra.
Thainic gaoithe móire sa mbliadhan 1910. An trathnóna sin tainic sé go h-an toibin, Bhí cuigear as Iorrus Beag amuigh ag iasgearacht agus báitheadh iad. Deirtear go bhfuair siad comhartha gán a dhul amach. Bhí fear aca ag bruith faocháin le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál Mac Dhonnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 43
- Seoladh
- Sraith Sháile, Co. na Gaillimhe