Scoil: Árd Mhór

Suíomh:
An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gleasáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 286

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 286

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Mhór
  2. XML Leathanach 286
  3. XML “Caitheamh Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhíonn go leor cleasanna dá n-imirt ag buacaillí agus ag gasuir. Sé an cleas is mo a bhíonns acú ná ag bualadh báire deiseanaí Sé an caoí a ndeanainn siad é ná ná buacaillí a roinnt ar gach taobh. Annsin cáithfeadh buachaill a cáipin suas san aer ag fiarrochaidh sé de na buacaillí an é a beal fuití no a beal os a cionn a beas acú. B'fhéidhir go ndearfaidhís sin an beal fuití agus an deis. Dá mbeadh beal an caipín fuití nuair a tuitfeadh sí is acú a beadh an deis agus dá mbeadh sí os a cionn beadh an cead deis ag na buacailli eile Annsin buailfeadh cuidh aicint acú deis agus ar an áit a mbuaileann siad an deis tugtar an daorad istigh. Ritheann sé sin amac go dtéigeann sé go dtí an clis. Béidh sé sin ag faire go mbeidh an buacaill eile ag bualadh deis. Nuair a buaileas sé an deis ritheann an buacaill atá ar an gclis amac go dtí an daoradh amuigh. Má buailtear an liaroidh air, an fad is a beas sé ag rith on gclis go dtí an daoradh istig beidh sé dóighte. Is é sin an cháiteamh aimsire is mo a bhíonns acú.
    Bhíonn cáitheamh aimsire eile acú ag breith ar éanaca le ciseáin. Bhíonn na cisáin deanta as slacrac agus iad curta le chéile le tairní beaga. Bhíonn doras beag air agus bhíonn sé socruighthe le breith orta le slatracha beaga eile. Nuair a seasan
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Antoine O Flaithbheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe