Scoil: Árd Mhór

Suíomh:
An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gleasáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 297

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 297

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Mhór
  2. XML Leathanach 297
  3. XML “Reiligí na hÁite”
  4. XML “Reiligí na hÁite”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    chéadna é. Sé an t-ainm atá ar an oileán Bior. Tá roilig eile ar cnoc Calladhmuighinse agus tá claidhe beag thar timceall air agus tá go leor daoine curta ann agus tá cárnán cloc ós cionn gac duine. Tá octar dríothar curtha an agus tá leac ós a gcionn Ní fhásann ann act féar is raithneac.
    Tá roilig í Muignis agus cuirtear go leor daoine ann Tá an roilig suidte in-áit an-deas. Tá sé ós cionn na farraige agus níl faoi an roilig act gainim geal. Tá croiseanna móra ann agus ta siadh os cionn daoine agus a n-ainm sgríobta orta. Bíonn fonn ar gac duine é chur san roilig seo mar tá an áit an deas
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Ta roilig i gCill Chiarain ar a dtugann siad Cill Chiaráin. Sin é an t-ainm a bhíod ar fado agus an t-ainm atá air i gcomhnaidhe. Bhí mainistir beag ag naomh ciaráin san áit a bhfuil an roilig anois. Cailleadh Naomh Ciaráin annsin agus thuit an mainistir annsin. Níl mórán fothracha na mainistir le feiceal anois. Na daoine a fuair bás sa mainistir cuireadh timpeall ar an roilig iad. Ta an roilig sin ann t-sean anois. Tá an roilig cearnógach agus tá ceann le fánadh aicí ó dheas. Tá bóthar isteach i lár an roilig Agus Is feidir le cárr dul isteach sa roilig. Tá go leor daoine curtha sa roilig. Ta geata ar an roilig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
          1. reiligí (~2,501)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Chúaláin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe