Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chonnaic sé go raibh na h-ubhlaí ar fad ithte. Dubhairt sé leis féin go bfuigheadh sé amach cé dith iad agus muna ninnseocfaí dó é go gcuireadh sé cath ortha. Thosuigh sé ag siubal thart ins na tighthe agus ag fiafruigh de na daoine faoi na h- ublaí. agus féacaine a bhfuigheadh sé tuairisg ó duine ar bith. Táinic sé isteach i dteach. Ní raibh san teach ach bean agus buachaill. Dfiafruigh sé an buachaill ar an mbean agus thug sí dó é. Nuair a táinic siad chomh fada leis an teach chuaidh an buachaill suas san gcrann. Agus nuair a chuaidh sé suas chonnaich sé daoine shuas san gcránn. Dinnis sé don fathach é agus lean an fathach iad acht san deire sheas na daoine annsin agus taréis píosa mór troda mharuigheadar an fathach agus bhí an teach agus an talamh aca féin uaidh sin amac.
- BHí fathach in a comhnaidhe amuigh ar an gcroc lé taobh sruthán uair amáin. Bhíodh sé ag teacht anuas ins an mbaile agus ag goid geabha agus cearca. Sa deire bí an baile creachta aige ag goid chuile short. Bí pluais déannta aige faoi bun aille lé taobh an t-srutháin. Lá amain socruigh daoine(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Cheanndhubháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe