Scoil: Baile an Churraigh
- Suíomh:
- Baile an Churraigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: A. L. Ó Maoileannaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéim Béal-oideasa
Sean na Croiceann 14/1/38
Bhí rí ann fado agus fuair a bhean bás agus dfág sí mac. Buachaill bréagh áluinn a bhí ann agus nuair phós an rí arís, ní raibh an báinrioghan nua cneasta leis chor ar bith agus béigin dó an ríoghacht d’fághail. Fuair sé croiceann ó tarbh, croiceann draoidheacta bhí ann agus Seán in ann rud ar bith a dhéanamh leis. Chuaidh sé í dtír eile agus fuair sé obair ó fear go raibh sluaigh bá aige. Dubhairt a fear le Seán go gcáithfeadh sé na ba a thiomáint síos chuig an abhainn, ach go raibh fathach annsin a marbuigheann gach duine a dfeicfeadh sé. Dubhairt Seán nach raibh faitchíos ar bith air, agus bhí iongnadh mhór ar a fear é sin a (fheiceal) cloisteal mar ní raibh Seán ach óg.
Maidin lá ar na bárach thiomain sé na ba isteach go dtí bruach an locha agus shuidh sé síos. Níorbh fada go raibh an talamh ag craitheadh agus chuala sé torann uathbasach ag teacht. Bí an fathach ar fághail. Táinigh sé suas agus bhí sé chun(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire C. Ní Mhiadhaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Churraigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Mhiadhaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Churraigh, Co. na Gaillimhe