Scoil: Baile an Churraigh
- Suíomh:
- Baile an Churraigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: A. L. Ó Maoileannaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0015, Leathanach 425](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0015%2FCBES_0015_425.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0015, Leathanach 425
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)breith ar bhó, nuair chuaidh Seán suas chuige agus, agus dubhairt sé leis na bhfuigheadh sé é. Ara, are an fathach, “féilín mara tusa ah iarraidh stop a chur orm” agus thosuigh sé ag gáire. Annsin thosuigh an troid agus bhí an cath chomh fíochmhar sin, gur dhein sé, áit bog go cruaidh agus cruaidh go bog, déin siad iséal dén árd, agus ard dén íseal, ach sa deire thiar thall thuit an fathach síos síos go mín marbh, mar fuair Seán claidheamh ó cumhacht an croiceann. Thíomain sé na ba abhaile agus bhí iongnadh ar an mháigistir go raibh sé beo chor ar bith. Bhligh sé iad agus lín sé gach cainna a raibh le fagháil, bhí a fear an bródamháil as, nidh narbh iongnadh.
Lá ar a bhárach chuaidh Seán chuig a loch arís agus cad a chonnaic sé ag teacht, ach fathach agus dhá cheann air. Ní gadh a radh go raibh iongnadh air é a fheiceáil agus bhí níos mó iongnadh at an fathach. Nuair tháinig Seán chun é a stopadh. Shíl sé go mbeadh spoirt aige, ag tabhairt dubh-slán do Sheán i dtosach agus thosuigh sé ag caint. Ach ní raibh fonn cainte ar Sheán agus thosuigh an troid. Bhí an deire céadhna ann is a bhí an tráthnóna(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire C. Ní Mhiadhaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Churraigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Mhiadhaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Churraigh, Co. na Gaillimhe