Scoil: Baile an Churraigh
- Suíomh:
- Baile an Churraigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: A. L. Ó Maoileannaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mhá abruigheann tú paidreacha faoi leith i ngach ceann aca go bhfuighidh tú an rud a bhíos tú ag iarraidh.
Aoine an Chéasta: Lá troscaidh tímcheall na h-áite seo an lá seo. Ní úsáideann na daoine fiu amháin bainnne in a gcuid tae. Ag a trí a clog is cuma cé'n obair a bíonn ag duine eirigheann sé as agus téigheann síos ar a glúnaibh i lár páirce no in áit ar bith eile chun an coróin Mhuire a rádh. Aithrigheann na daoine dorchadas ag teacht ar an ghréín.
Dómhnach Cásga: Eirigheann muinntir na
h-áite seo go h-an mhoch Dómhnach Cásga chun go bhfeicfidh siad an ghrian ag damhsadh mar deirtear go n-damhsuigheann sí an mhaidin sin lé h-áthas agus i gcuimhne Aiseirghe ár Slánuightheóra.
Nós eile atá againn seadh go n-itheann gach duine a lán ubh. Ní fios cé'n fáth acht béidir gur(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire C. Ní Thaidhg
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Doirín, Co. na Gaillimhe