Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)
- Suíomh:
- Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Flannagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- "Fiagach ná Freangach nár Fhághaid siad"!
Bhí sagart parráiste annseo tuairim deich mblian agus trí fichead ó soin agus bhí sé ag tógáil dhá teac scoile ceann i gCillrónáin agus ceann i bhFearann an Choirce. Tá na tighthe sin ann fós ait rinneadh scoileanna nuadha ó shoin. Bhíodh cuimse raic ag tigheacht an uair sin - bhí soithigh go leór dhá raiceáil agus bhíod saltracaí ag teacht i dtír i chuile chladach i n-Árainn acht go spesialta i mBungabhla. Saltracha pene deirg is mó a bhíod ionnta agus badh bhreágh an t-adhmad é. Bhíod an sagart ag iarradh cuid díobh fághail le h-aghaid na tighthe scoile seo agus is minic a theighead sé go Bungabhla agus bhailighead sé muinntir an bhaile sin agus muinntir Creigicéirín le chéile go gcuirfidís cuid de na saltracaib a bhíodh tógtha aca i bhfairrge go dtiubharfad bád timcheall go Cillrónáin iad. Chuaidh sé siar an lá seo per bith sgéal é agus fir an dá baile thiar chuile duine aca a raibh sé de rath ortha ag iasgach -ag marbhú feagac a bhíodar: mharbuigidís an-cuimse fiagac san am sin agus bhídís a' leaghadh na n'éaba le ola fhághail le h-aghaidh soluis agus le h-aghaidh bealaid olna. Ní bhíodh d'annlan leis na fataí aca féin acht na fiagaigh mar tar éis go mbídís ag marbhú éisg eile is dá dhíol a bhídis agus coingbídis na fiagaigh le h-aghaid a n-usáide féin. Pér bith sgéal é an lá seo bhíodar an-cruadhógach agus sén caoi a thigidís i dtír i gcladac(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Fhlannagáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Maireád Bean Uí Thuathail
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Creig an Chéirín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Flaithbheartaigh
- Ainmneacha eile
- Séamus Ó Flaithbheartaigh
- Séamus Ó Flártaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Iascaire
- Siúinéir
- Táilliúir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Eoghanacht, Co. na Gaillimhe