Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)
- Suíomh:
- Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Flannagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eoghanacht
- XML Leathanach 053
- XML “Miceál Riabhach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Micheál riabhac.
Badh de mhuinntear Dhioráin é, Miceál Riabhac agus bhí sé 'na chomhnuidhe i gCill Éinde. Bhí buachaill aimsire de mhuinntear Seóighe as Connamara aige agus cailín aimsire freisin acht ní fhéadaim a rádh cé dhár díobh an cailín nó cérbh as í. Ar caoi ar bith bhí meas mór ag miceál ar an mbuacaill aimsire agus thug sé dó píosa mhór talmhan, gac a raibh taobh thoir de theórann ó bhárr na h-aille go dtí roilig Cill Éinde bhí a raibh de thalamh ón teórann sin anoir go baile Cill Éinde ag micheál é féin. Ar caoi ar bith chuaidh miceál agus a mhac ar aonac le na gcuid stoic babhta agus d'fág miceál dhá stoca óir, a bhí i dtaisge aige fé chúram an chailín aimsire. Badh dheacair tígheact agus imtheacht ón oileán an t'am sin agus creidim gur bhain moill fhada eicint do Mhiceál an babhta seo. Nuair tháinig sé bhí an Seóigheac agus an cailín aimsire pósta agus deamhan blas d'en dá stoca óir a tiubhraidís uatha agus creidim nách raibh miceál sáthac láidir le é a bhaint dhíob. Is de bhunadh an tSeóigigh sin na Seóigigh atá i gCill Éinde agus Iar Áirne go dtí an lá indiu. D'imthigh Miceál Riabhac le canntal as an áit sin agus tháinig sé anoir go dtí an Mainistir agus fuair sé cúig cnagaire talmhan ann. Creidim nach é a cheannact a rinne fé acht cíos íoc air(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ni Fhlannagáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seainín Tam Ó Direáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 66
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Sruthán, Co. na Gaillimhe