Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)
- Suíomh:
- Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Flannagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eoghanacht
- XML Leathanach 084
- XML “Seánach Séamus”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do cheann i gCorcaigh is do chosa i mBínn Éadainn
Do phutóga scaipthe ar sgeacha na h-Éireann
Go ndóightear na cearca ar an lota ar an gcléith ort.
Scoilte na h-alchuaca go bfuighidh tú uilig ó chéile
'S ná raibh chloc faoí mhaidin ná raibh anuas dod "Foundation".
Leig máighistreas na Bruighne amach annsin é acht gur bhain sí an t'súil as. thug an bhean léi abhaile annsin é agus bhí sé sásta ar í phósadh acht ní phósfadh sise é mar bhí sí ag ceapadh go raibh sé ró-bhreágh is go mbféidir go dtiúbarfidhe as arís é. (gan teideal)
“Tionnlachan na hÓinsighe - a dhul abhaile le duine bheadh ar cuairt ...”
Tionnlachan na h-Óinsighe a'dhul abhaile le duine bheadh ar chuairt agus eisean a' casadh píosa d'en bhealach leat-sa abhaile arís agus mar sin de.
Nách mór do ghaol le "Tuathfonn(?)" adéarfaidhe le duine muinnteardha leat féin nách gcuirfheadh mórán suime ionnat-sa agus bheadh ró mhór le duine eicínt (boc mór go h-ionndual nách dtuillfeadh mórán measa uait-se.
"Mhill an mhuc é agus níor leasuigh an banbh é"