Scoil: Carnán (uimhir rolla 14031)
- Suíomh:
- An Carnán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tadhg Ó Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Gnásanna ag baint le pósadh.
Sa tsean aimsear an caoi is mhó a bhí siad a posad gchoideach siad na mná agus d'fágad siad i teach comhrsan iad go ceann cúpla lá. Annsin shocruigh siad lá pósadh agus Diardaoin an lá is mhó a bhí siad a pósadh.
Ní bhéad cárr ar bith acu ach capaill. Ní raibh diallaid ar bith acu agus pillín a bhí acu le marcaigheacht ar na capaill taobh thiar de na fir.
Bhíodh suas le fiche capall ag an mbaineas. Bhíodh siad ag rith ag imteacht agus ag teacht abhaile ó'n séipéal agus is minich a chaill siad na mná. Ní fhanfadh siad le na mná a thógháíl suas go bfeicfeadh siad cé acu a bhéadh sa mbhaile i dtosach. Nuair a thiocfadh siad abhaile bhíodh píobaire acu agus damhsa go maidin tharéis an posadh.
Bhíodh cáca min-coirce déanta acu agus bhíodh sean bhean ina seasaimh taobh istigh de'n doras. Nuair a thiocfadh an bean nua pósta isteach bhriseadh sí an cáca ar a cloigeann. Deir siad muna mbhriseadh siad an cáca ar a cloigeann nach mbheadh an pósadh áhúil.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Cóisthealbh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gleann Mór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Cóisthealbh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Gleann Mór, Co. na Gaillimhe