Scoil: Carnán (uimhir rolla 14031)
- Suíomh:
- An Carnán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tadhg Ó Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Carnán
- XML Leathanach 002
- XML “Folachán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann uair amháin agus bhí grádh mór aige do'n tobach. Bhí sé in-a chomhnuidhe i gcill Sgeiche. Bhí sé bocht freisin agus bhí caisleán inaice an tíghe agus chuala sé na sean daoine a rádh go raibh go leor airgid i bhfolach ann. Chuaidh sé go dtí an caisleán agus bhí laidhe aige agus thosuig sé ag piocadh na gcloch a bhí thar timpeall an chaisleáin agus ag piocadh an fhéir.Annsin fuair sé píopa agus sparán agus bhí go leor airgid ann. Bhí sleabhra in aonfheacht leis an bpíopa agus bhí tobach ins an bpíopa igcomhnuidhe agus ní raibh ortha tobac a cheannacht.Bhí sé saidhbhir uaidh sin amach agus bhí na daoine eile a rádh nach mbeadh aon mhaith ins an airgead sin mar duine bocht a chuir an t-airgead i bhfolach san am fadó. Bhí sgriosadóirí ag dul thart san am sin agus sin é an fáth gur cuir an féar bocht sin an t-airgead i bhfolach.
- Bailitheoir
- Máire Ní Cóisthealbh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gleann Mór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Cóisthealbh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Gleann Mór, Co. na Gaillimhe