Scoil: Dúnlocháin (uimhir rolla 13076)
- Suíomh:
- Dún Locháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Sorcha M. Ní Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dúnlocháin
- XML Leathanach 056
- XML “Scéalta Grinn”
- XML “Scéalta Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- amhain agus bhí sé ar meisge. Thuit sé na chodladh san gcairt. Nuair a d’éirigh sé chonnaic sé nach raibh a chapall faoi an gcairt agus chuaidh sé isteach i dteach na ngárda. Nuair a d’fhiafruigh ceann dé na gardaí dhé ce’n t-ainm a bhí air dubhairt sé. “Más mise Padraig Ó Máille do chaill mé mo chapall agus mara bhfuil mé do fuair mé cairt.”
Bailitheoir: Seosamh Mach an Ríogh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Laoidhe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dún Locháin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Padhraigh Ó Laoidhe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí fear in a chomhnuidhe in aice srutháin i gCaorán Mór fadó. Do phós sé cailín deas a thainigh go dtí a theach le tuitim na hoidhche agus thug sé loistín na h-oidhche dhí.
Sidheog ab eadh an cailín seo ach ní raibh fhios ag an bhfear é sin. Nuair a bhí sí trí bliadhna pósta leis dubhairt sí leis go raibh sí ag dul ar cuairt chuigh a muinntir.
"Maith go leor" arsa an fear, "gléas thú féin agus cuir ort an bríste a bhí ort nuair a phós mé thú. " "Ara céard tá ort " arsa an bhean, " nach cuimhin leat thug mé sin do mo dheirbhshiúir ar an gcuairt deireannach a thug mé orra."