Scoil: Dúnlocháin (uimhir rolla 13076)
- Suíomh:
- Dún Locháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Sorcha M. Ní Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dúnlocháin
- XML Leathanach 059
- XML “Scéalta Grinn”
- XML “Scéalta Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- in do shuidhe ag bord.” Chuaidh sé go dtí an bord agus thug sé amach go lár an urláir é.
“Anois arsa sé, béidh sibh indon ith rud éicint agus béidh fhios agaibh cé’n áit a gcuirfidh sibh bhur gcupáin.”
Bailitheoir: Máire Ní Laoidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chonfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Beartle Ó Chonfhaola
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag obair sa pháirc agus bhi piopa aige. Nuair a bhi sé réidh leis an bpíopa d'fhág sé ar chloich é a bhí in aice leis agus nuair a bhí an obair déanta chuaidh sé abhaile. Nuair a thainic sé isteach dubhairt sé "O nach mise atá dearmhad". Bhi triúr mac aige agus dubhairt sé leis an chead mac a dhul i gcoinne a phíopa acht ní dheacaidh sé ann, agus dubhairt sé leis an dara mac a dhul ann acht ní dheacaidh sé, dubhairt sé leis an tríomhadh mac agus chuaidh sé i gcoinne a phíopa. Nuair a bhí an tríomhadh mac cúpla slat o'n dteach chonnaic sé fear. Chuaidh an mac go dtí an áit a raibh an fear, ce'n fear a bheadh ann acht an diabhal agus chuaidh an diabhal leis an mac go dtí an pháirc. Nuair a fuair siad an píopa chuaidh siad go dtí doras an tighe ag eisteacht agus chuaidh siad go dtí doras tighe eile agus bhí siad