School: Dúnlocháin (roll number 13076)

Location:
Dún Locháin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Sorcha M. Ní Dhonnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0005, Page 064

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0005, Page 064

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dúnlocháin
  2. XML Page 064
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí dream dar bainm Ó Máille in a gcomhnaidhe i gcaisleán Aillebhreac.
    Cuireadar troid ar mhuinntir Uí Congaile as Aillbhreac.
    Nuair a thosuigh an ár agus an troid d'éaluigh bean fhlaith Conghaile agus a mac go Conndae Mhuigheo.
    Fuair muinntir Uí Mháille an buaidh agus rinneadar sleacht mhór ar muinntir Uí Chonghaile agus marbhuigeadh an flaith. Nuair a dfhás a mhac suas d'fhiafruigh sé dá mháthair lá amháin, Cé mharbhuigh a athair agus dubhairt sí gur dream dar a bainm Ó Mháille a mharbhuigh é. Tháinig an mac annsin go Aillbhreac agus nuair abhí sé ag teacht tré Bhailechongaile bhí dream de muinntir Uí Chonghaile ag baint móna. Bhí siad ag ithe a ndinnéar nuair tháinigh sé suas leo agus dubhairt siad leis a dhinnéar a ith leis an sgian a mharbhuigh a athair. Fuair sé an sgian agus níor fhág sé fear ann nár mharbhuigh sé.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seosamh Mach an Ríogh
    Gender
    Male
    Address
    Dún Locháin, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Cáit Nic an Ríogh
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Age
    80