Scoil: Nead an Iolraigh (uimhir rolla 11669)
- Suíomh:
- Cluain Luáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bríd Ní Chadhain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuala mé go raibh pota óir in aice an tighe osta i Roinn na Maoile. Tá bothairín beag ag rit síos go dtí an tráig agus ar an taobh thiar de'n bothairín sin faoi sgeach tá an ciste. Tá sean seipéal pradustúnach ar an dtaobh eile.
Níl fhios ag aon duine cé cur ann é. bhí brionglóid ag fear oidhche in a thaobh. bhí briongloidh aige trí uaire in a thaobh agus ar an gceathramhadh lá thosaigh sé féin agus beirt eile ag cartú na h-ait le spád. Nuair a tháinich siad go dtí an pota óir. bhí peist mór tar timceall an phota. Táinich faithchíos ar na fir agus caitheadar an cré síos (ar) air an bpota sin arís. Ní fhacha aon duine in aice an phota sin arís.