Scoil: Inis Niadh (uimhir rolla 11938)
- Suíomh:
- Inis Ní, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Caitlín Ní Thuathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Niadh
- XML Leathanach 257
- XML “Bád an Chaisil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Shoir i gCaiseal tá an bád pléisiúir is bréghtha ins na réigiúin,
A's molaimíd an craobh le n-a máighistir.
Is é scoth na bhfear ar fonn é. Cá h-iongnadh é bheith i n-a ghiúistís
A's a liachtaighe fear ag súil le n-a phárdún?Nár laguighidh Rí na h-Aoire an féar maith do chur d'á déanamh í;
Ní fhacamuid ar an saoghal seo a mháighistir.
Tá mise lán-chinnte, a's ní dearmhadfadh é innseacht,
Gur aingeal é d'fhág Críost thíos d'á árus.Nuair feicthidhe é ag dul anonn Cuan na Bertraighe Buidhe,
Bhíodh bratacha roimpí agus teinte cnámh ann.
Ní'l aon chrann caorthainn i gcoill fuaidh na críche
Nach mbíodh crochta roimpi ag déanamh fáilte.Nuair a tháinigh sí timcheall ar colbha Cruach na Caoile,
Níor stad sí, a's níor stríoc sí do'n ghála.
Ag dul soir le ceann Bóirne lá fairrgí boga árda,
Níor thóg sí lán cáirt ar aon taobh de.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Uaithnín
- Inscne
- Fireann