Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- XML Leathanach 014
- XML “An Triúr Mac a Bhí in Éirinn Fadó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dtí gairdín na hInnse Beirne agus thug sé buidéal uisge leis as an loch.
Ar an mbealach go dtí a athair, an Rí casadh luch dó agus d'fhiafraigh sé de céard a bhí uirthi. 'Mo dhruim atá briste s'áit a bhuail fear de mhaide mé, s'áit a raibh mé ag ithe a chuid ornan'.
Sheas sé go ceann nóiméid. Tá leigheas agamsa duit, adeir an fear agus chaith sé braon den uisge ar an luch agus leigheas sé í. Bhí sé ag imtheacht leis annsin agus tháinig sé suas le faolchú, agus a ceathramhadh briste. 'Céard tá ort', a deir an fear leis agus d'inis sé a scéal dó. 'Tá leigheas agamsa anseo'. 'Fan' agus chaith sé braon den uisge air a bhí sa mbuidéal aige agus leigheas sé é.
Bhí an fear ag imtheacht leis annsin agus casadh feiliméar dó. 'Tá buachaill ag teastáil uaim' deir an feiliméar agus b'fhearr duit a theacht liom. 'Tiocfaidh' a deir an fear. Do chuaidh siad abhaile agus nuair a d'éirigh siad do chuaidh an buachaill amach ag obair. Chuaidh a mháistir amach in éindigh leis. 'Anois' deir an máistir 'mar a mbeidh an teach seo déanta a'd san tráthnóna, agus nach mbeidh orm ach siubhal anonn go dtí é, gan deor báistigh titim orm beidh do cheann le cailleadh a'd.'
Shuidhe sé síos agus thosuigh sé ag gol ach nuair a bhreathnaigh sé tharais chonaic(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Chonghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Chonghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe