Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- XML Leathanach 015
- XML “An Triúr Mac a Bhí in Éirinn Fadó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé an faoilchú a leigheas sé lena thaobh. "Stop go beo. Is mise Rí na bhfaoilchnú agus níl orm ach fead a leigean orthu agus beidh siad annseo i gceann cuig nóiméad" agus bhí.
Do bhí an teach déanta san tráthnóna ag na faoilchú agus ag an mbuachaill, chuaigh seisean isteach go dtí a mháistir agus dubhairt sé go raibh an teach déanta aige. "Is tú an fear is iontach a bhfaca mé ariamh" deir a mháistir agus is fiú airgud thú".
Ar maidin lárna mhárach nuair a d'éirigh fear an tighe, dhúisigh sé an buachaill agus dubhairt sé leis go raibh cruach mhór millteach coirce thíos ins an iothlann agus go gcaithfidh sé a bheith i bhfus roimhe an oidhche nó go mbeadh an ceann le baint de. Thosuigh sé ag caoineadh agus chuaigh sé amach ar an gcnocán. "Stop go beo", deir an faoilcú agus an luch a bhí lena thaobh. "is mise Rí na Luch" deir an luch agus níl orm ach fead a leigean orthu agus beidh siad annseo i gceann cúig nóiméad" agus bhí. "Is mise Rí na bhFaoilcú agus níl orm ach fead a ligean orthu agus beidh siad anseo i gceann cúig nóiméad" agus bhí, annsin rinne siad an obair.
Do chuaidh sé isteach go dtí a mháistir agus d'innis sé dhó go raibh an obair déanta aige.
"Tá mise" deir an fear "ag fágháil bháis agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Chonghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Chonghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe