Scoil: Loch Con Uidhre (Lochán Iarthach)
- Suíomh:
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Mac Aodhgáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 122](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0008%2FCBES_0008_122.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0008, Leathanach 122
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí baintreabhach ann fadó agus ní raibh aici ach aon mhac amháin. I bhfad uatha agus ní i ngar dóibh bhí fathach mór i na chomhnuidhe agus bhíodh sé ag dul thart ag cruinnniú gasúir bheaga le haghaidh a bhéilidhthe. Lá amháin bhí sé ag dul thart agus isteach leis go dtí máthair Bhodairlín ach bhí Bodairlín i bhfolach aice. Bhuail sé ag an doras agus dúbhairt sé "Faighim bolath an Éireannaighe bhréagach bhradach is mór liom de ghreim é is beag liom de dhá ghreim é. Níl fhios agam céard a dhéanfadh mé leis mar a gcuirfinn de shéideog san aer é nó faoi mo chosa sa lathach, ach sgaoil amach chugam é nó go dtairnigh mé tríd na fiacla fada fuara é. D'osgail máthair Bhodairlín an doras dó agus tháinic(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Aíne Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bairbre Ní Suilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Loch Conaortha, Co. na Gaillimhe