Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Eist leis an bhfear sin adeir an mháthair.
Dubhairt an mac is beag a thuigeann tusa an cás seo a shean bhean.
Chuaidh an mac amac maidin lá ar a na bháireach nó go ndeacha sé go bruach na fairrge san áit chéadna a raibh sé an lá roimhe sin. Is gearr nó go bhfaca sé an bád beag ag déanamh air arís, agus tháinig sí i dír agus tháinig an sean-fhear chuige arís agus d'fhiafruigh sé de a raibh sé réidh le cluife eile cártaí a imirt.
Táim agus fáilte adeir an buachaill tharraing an fear amach paca cártaí agus thosuigh siad ag imirt na gcártaí.
Agus bhuach an gasúr arís dubhairt an gasúr leis a raibh go sheomra sa teach a líonadh le ór agus le airgead.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bairbre Ní Sheóige
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Coill Sáile, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Seóige
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- Coill Sáile, Co. na Gaillimhe