Scoil: Cill Chiaráin

Suíomh:
Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nioclás Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 422

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 422

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chiaráin
  2. XML Leathanach 422
  3. XML “Seán agus Siúbhán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Shíl sí í do choinneál acht ghreamuigh sí di agus bhí sí féin ag imtheacht freisin nuair a chonnaic bean an tighe í agus shíl sí an bhó a chasadh acht ghreamuigh sí de'n chailín aimsire.
    Nuair a chonnaic an garraidhtheóir gach a raibh ann aca cheap sé gur ag coinneál na bó a bhíodar agus chuaidh sé féın ag cuidiúghadh leó acht ghreamuigh sé de bhean an tighe.
    Chonnaic an buachaill aimsire eisean agus ghread sé féin ag cuidiú' leis an ngarraidhtheóir. Ghreamuigh sé de'n chuid eile. Thosuigh Seán 'ghá dtiomáint leis tímcheall an tighe.
    "'Nois," ar seisean sa deireadh, "nach bhfuil pléasámh déanta agam." "Ó leig amach as seo mé," arsa fear an tighe, "agus ní chuirfídh mé ceist arís go deó ort."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0571: “All Stick Together”
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Raghallaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Conghaile
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe