Scoil: Cill Chiaráin

Suíomh:
Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nioclás Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 557

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 557

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chiaráin
  2. XML Leathanach 557
  3. XML “Fear a Chuaigh isteach i dTeach Robálaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agam cé'n sórt duine atá anat. Níl aon dochar ionamsa tá mé tuirseach agus ní fhágfhaidh mé an teach seo anocht arsa an spailpín, fan annsin go fóill arsa bean an tighe tá fear fiochmhar agamsa agus má bhíonn tú annseo roimhe marbhóchaidh sé thú. Is cuma liom arsa an spailpín. Faoi cheann sgathamh tháinig an fear agus caora aige nuair a chonnaic an spailpín an fáthach sgannrad sé agus d'innis an bhean dá fear nach bh'fhágfhadh an spailpín an teach. Nuair a d'ith an fáthach a bhéile rug sé ar an gcaora agus mharbh sé an chaora nuair a bhí sé ag dul dá feannadh d'fhiafhruigh sé do'n
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó Níadh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Coill Sáile, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Cúig
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Coill Sáile, Co. na Gaillimhe