School: Cromghlinn (C) (roll number 15411)
- Location:
- Crumlin, Co. Galway
- Teacher: Cáit Ní Óbáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromghlinn (C)
- XML Page 307
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aoidhearacht na mbullán agus fathach óg do b'eadh é. Chonnaic an fathach bullán mór reamhar agus thosuigh se 'ghá thiomáint abhaile. Tháinig mac Fionn agus níor thug sé cead dó an bullán a thabhairt leis. Chuir mac Fionn a lámh ar adhairc an bhulláin agus chuir an fathach a lámh ar an adhairc eile agus bhí siad ag streachailt go dtí go rinne siad dhá leath de'n bhullán.
Thug an fathach a leath féin abhaile go bean Fionn agus rinne sí anbhruith de. Bhí an fathach amuigh. Rinne sí cáca agus chuir sí píosa iarainn isteach i lár an cháca agus bhacáil sí é acht ní raibh an píosa iarainn le feiceál.
Thosuigh an fathach ag ithe an bhulláin leis an gcáca. Fuair sé é go h-an cruaidh acht bhí náire air a rádh nach n-íosfadh sé arán na h-Éireann. Nuair abhí sé ithte aige ní raibh fiacal in a bhéal nach raibh briste aige.
Bhí Fionn ins an gcliabhan agus é ag briseadh a chroidhe ag gáire. D'iarr an fathach ar an mnaoi cé n lá a raibh Fionn le teacht "Níl a fhios agam" adeir sí "acht tá sé le teacht gach uile lá."
Chuaidh sé amach agus tháinig tart mór air. Bhí sruthán i gceann de na páirceanna ag dul le(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Fhaoithe
- Gender
- Female
- Address
- Kilskeagh, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Fhaoithe
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Kilskeagh, Co. Galway