Scoil: Cill Éinne (uimhir rolla 12340)
- Suíomh:
- Cill Éinne, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Sr. P. Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Éinne
- XML Leathanach 072
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhí air. Mar sin féin d'ith sí doitin. Nuair a bhí an béile ithe acu d'éirigh an tsean-bhean agus reidhthigh sí suas an teach. Ní raibh an teach ní ba leithne nó go ráibh an bord i lár an urláir go rabhadar i-ndon a druim do bhualadh ar na ballaí ar gach aon taobh. Nuair a bhí an teach reidthighthe ag an tsean-bhean bhí sé comh mór le aon teach a chonnaic an bhean siubhail ariamh, agus bhí seomra ann.
D'fhoscail an tsean-bhean doras an tseomra is tháinig píobaire anuas as, agus a chuid piobaí faoi'n easgail, agus a cathaoir sa láimh eile le suidhe uirthí. Tháinig fear is fiche anuas annsin agus a suidheachain fhéin i láimh ag chuile fear acu. Tháinig bhean is fiche anuas na ndhiaidh sin agus a suidheachain féin ag chuile bhean acu ar an mbealach chéadna. Thosuigh an píobaire an ceol, agus is aige a bhí an ceol ab'áilne a chuala sí ariamh. D'éirigh an tsean-bhean agus an tsean-fhear a bhí sa teach i dtosach agus nuair a bhí turn damhsa déanta acu d'íocadar an píobaire. Ní raibh fear na bean dá raibh sa teach nach d'ámhsaigh in-dhiaidh a chéile agus nuair a bhíodh a turn damhsuighthe acu d'íocfaidhe an píobaire. Rinne fear comhartha léi a d'iarraidh uirthí damhsa ach níor labhair sí focal ar bíth. D'éirigh sí agus damhsuigh sí leis.
Nuair a bhíodar ag dul tart ins an damhsa rug an fear ar láimh uirthí agus chuir sé sé pingine isteach in-á glaic. Thugh sí an sé-pingine do'n phíobaire agus chrom sé a cheann ag glacadh buideachais léi.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nuala Seóigeach
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Ghoill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Éinne, Co. na Gaillimhe