Scoil: Cill Éinne (uimhir rolla 12340)

Suíomh:
Cill Éinne, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Sr. P. Ó Domhnalláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 084

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 084

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Éinne
  2. XML Leathanach 084
  3. XML “Scéal - An Cailín agus an Fáthach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a bhí ar dhuine aca agus níor fhéad sí an fhuil a bhaint dhá láimh.
    Annsin nuair a tháinig an fáthach d'fiafruigh sé do'n cailín ar rinne sí a chómhairle agus dubhairt sí go rinne. Dubhairt an fáthach léithi a lámha a spáint dhó agus nuair a chonnaic an fáthach an fhuil ar lámha an chailín marbhuigh sé í le urchar. An oidhche dar gcionn chuaidh an fáthach go dtí an garraidhe céadhna agus chuaidh an darna cailín ag aithreachas. Tar-éis tamhall chonnaic an cailín an fáthach ag teacht agus bhuail sí laisg air leis an maide agus thug an fáthach leis í.
    Lá-ar-na-bháireach dubhairt an fáthach go raibh sé ag dul ag fiadhach agus gan a dul in-aon seomra acht an seomra a raibh sé ag ithe ann. Dubhairt an cailín nach ngabhfhadh. Nuair a bhí an fáthach imthighthe chuartuigh sí na seomraí agus ins an seomra deireannach chonnaic sí a deirbhsiur marbh ann. Chuir sí a méar ins an bhfuil agus níor fhéad sí an fhuil a bhaint dhá láimh Nuair a tháinig an fáthach abhaile bhreathnuigh sé ar a láimh agus chonnaic sé fuil uithrí agus marbhuig sé í.
    Annsin chuaidh an fáthach an triomhadh h-oidhche go dtí an garraidhe céadhna agus chuaidh an triomhadh cailín ag aithreachas. Tar-éis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0311: Rescue by the Sister
    Teanga
    Gaeilge