Scoil: Cill Éinne (uimhir rolla 12340)
- Suíomh:
- Cill Éinne, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Sr. P. Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chuir sí a beirt deirbhsiur sios ann agus dóirt sí trí bhraon uisge othra agus rinne sí beo iad. Dubhairt an cailín leob fanacht go socáir ins an mála agus nuair a thiochfadh an fáthach go dtiubhradh sé abhaile iad.
Annsin nuair a tháinig an fáthach chaith sé an mala ar a druimh agus thug sé go dtí a máthair mar shil sé gur ór a bhí ann. An cúigeadh lá annsin chuaidh sí fhéin sios ins an mala agus líon sí an mála le ór os a cionn agus futha. Nuair a tháinig an fáthach thug sé leis an mala agus thug sé go dtí na máthair é. Nuair a tháinig sé abhaile ní raibh aon cailín roimhe agus marbhuigh sé fhéin le urchar.