Scoil: Cill Éinne (uimhir rolla 12340)
- Suíomh:
- Cill Éinne, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Sr. P. Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cailín dearmad gan glaodach ar na mna.
Chuir sí teachtaire ag glaodhach ortha agus ní raibh sé i bhfad nó go dtáinig siad. Nuair a chonnaic mac an ríogh iad bhí iongantas an domhain air.
Bhí bean na láimhe móire ann, bean na coise móire, agus bean na sróine móire ann.
Chuaidh mac an riogh ag cainnt leobhtha agus d'fhiafhruigh sé de bhean na láimhe móire, "Cén fáth an bhfuil do láimh chomh mór sin?" "Bheinn ag sníomh olna i gcómhnuidhe," ar sise, "agus dat mo láimh agus sin é an fáth a bhfuil sí cómh mór sin."
"Ó muise ma i seadh," ar seisean, ní shníomhfadh mo bhean-sa aon blas olna go bráth aríst."
Chuaidh sé annsoin chuig bean na coise móire agus dubhairt sé léitheí, "Cé'n fáth a bhfuil do chois chómh mór sin?" "Ó bheinn ag casadh snáithe i gcómhnuidhe, agus ag a bheith ag dul sáll agus análl leis an túirne, dat mo chos agus sin é an fáth a bhfuill sí mór."
"Ma i seadh ní chasa mo bean-sa aon snáithe an fhad is bheas sí beo."
Chuaidh sé aríst chuig bean na sróine móire agus d'fíafhruigh sé dhi "Cé'n fáth a bhfuil do sróin cómh mór sin?" ar sé(leanann ar an chéad leathanach eile)