Scoil: Cill Éinne (uimhir rolla 12340)
- Suíomh:
- Cill Éinne, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Sr. P. Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Éinne
- XML Leathanach 099
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)torann ag teacht anuas na staighre. Tháinig sean-fhear mhór le feasóig mhóir fada bán air, agus fear óg freisin. Do shuidh an fear og ar ceann an stól taobh istigh dhe, agus an sean-fhear taobh amuigh dhe. Do thosuigh siad dha bhrughad, agus ní raibh fhios aige ceard a b'fheárr dhó a dheanamh. Faoi dheireadh tháinig fearg air, agus dubhairt sé leobh cóinneal amach uaidh, agus gan é a marbuighadh ar fad. "Ceárd atá uaibh ar seisean? nó ceárd a thug annseo sibh?" "Is tusa an fear atá uainn arsa an sean-fhear. Tá muid tamhall fada ag teacht annseo, agus ní bhfuair muid aon duine a chuirfeadh an cheist sin orainn go dti anocht. Caithead muid a theacht
chuile oidhche nó go gcuirfidhe an céist sin orainn. "Seo é mo sgéal" arsa an sean-fhear. Bhí mise agus an fear óg seo ag maireachtháil sa gcaisleán seo. Oidhche amhain nuair a bhí muid in-a gcoladh tháinig beirt fhír isteach i lar na h-oidhche.
Mharbhuigheadhar muid, agus chaitheadhair na gcorp síos i bpoll. Annsin thug siad leób an meid airgid a bhí sa teach acht amhain pota óir a bhí faoi leic an teallaigh, agus ghlan leobh. Ar maidin ní raibh aon duine le n-innseacht ceárd d'éirigh dhúinn. Dubhairt an sean-fhear leis an fear a bhí ar aimsire sa teach "Téirigh ar maidin, agus innis do'n fear a thug obair dhuit mar is(leanann ar an chéad leathanach eile)