Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 124
- XML “Ciste Óir”
- XML “Ciste Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá sé ráidhte gur iomda áit in Árainn a bhfuil ór a bhfolach. Chuir fear as Gort na gcapall i bhfolach é fadó, agus níor innis sé é d'aon duine nó go raibh sé ag fágail bháis. Dúbhairt sé le fear muinntreach go raibh sé i bhfolach shuas i gcreig ag an Réidh Bhig faoi mhullán eibhir. D'fhág sé i bhfolach annsin é ar fhaithchíos go ngoidfidhe uaidh é. Chuaidh an fear muinntreach ar a lorg, acht nuair a chuaidh sé go dtí an chreig bhí sé lán le mullánaibh eibhir, agus ní raibh a fhios aige cá raibh sé. Daoine an-saidhbhre a bhí insna lochlannaigh, nuair a bhíodar in Árainn fadó. Dubhradh go raibh a leasughadh féin i gceann gach iomaire acu. Tháinig troid ortha shuas ag an Dún Angusa, agus marbhuigheadh uilig iad acht an t-athair agus an mac. Dubhairt siad leis an mbeirt acu innseacht dóib cé'n chaoi a mbíodh siad ag fágail an leasuighthe agus go bhfágfadh siad beó iad.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Séamus Uá Flaithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Domhnall Uá Flaithbheartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
- (ar lean ón leathanach roimhe)chionn agus fear le leath-chois ag tabhairt aire do'n chiste. Tá sgáth ar na daoiníbh a dhul ann san oidhche, mar gheall ar an áit uaigneach a bhfuil sé.